Seachtain na Gaeilge
Céilí 2016
Bhíomar ag ceiliúradh ‘Seachtain na Gaeilge’ agus Lá an Fhorógra (Proclamation Day) le ceol, céilí agus Forógra na Scoile, an Briathair Dhiaga á léamh amach. Chaith na páistí éadaí glaise ar an lá sin. Bhí na múinteoirí ag díriú go speisialta ar an nGaeilge labhartha, agus bhí gach páiste ag déanamh iarracht mhór Gaeilge mhaith a labhairt. Tá súil againn iarracht an-mhór a dhéanamh chun feabhas a chur ar chaighdeán na Gaeilge sa scoil. Bhí céilí mór againn sa halla agus bhí gach páiste ag damhsa agus ag rince. Tháinig Alannah Hanley, dálta ón scoil cúpla bliain ó shin, chun taispeántais rince a chur ar siúil do na páistí lena cara Pedro ón mBrasaíl. Rinceoirí den chéad scoth a bhí ann. Bhí páistí ó rang a cúig ag damhsa Baint an Fhéir agus Damhsa na Scuabanna. Tá súil again gur bhain gach duine sult agus suaimhneas as Seachtain na Gaeilge 2016 i Mharlaí.
Céilí agus Maidin Cheoil 2015
Bhíomar ag ceilliúradh ‘ Seachtain na Gaeilge’ i Mharlaí agus bhí gníomhaíochtaí éagsúla ar siúl sna ranganna.
Bhí na múinteoirí ag dirú go speisialta ar an nGaeilge labhartha agus bhí gach dalta ag déanamh iarracht mhór Gaeilge mhaith a labhairt don choicís.
Bhí céilí mór agus Maidin Cheoil againn sa halla agus ghlac gach rang agus páiste páirt sa damhsa agus rince.
Tháinig Alannah Hanley, dálta ón scoil cúpla bliain ó shin, chun taispeántais rince a chur ar siúil do na páistí le cara.
Rinceoirí den chéad scoth a bhí ann.
Bhí Rang a 6 ag damhsa le scuabanna , Rang a 5 ag canadh le cupáin agus craic ag gach uile rang ag damhsa le chéile agus ag canadh .
Bhí seans ag gach rang amhráin a chasadh ná úirlis cheoil a sheinnt.
Bhí idir paistí aonaracha agus grupaí ag canadh agus ag seinnt úirlisí cheoil
Bhain gach rang taithneamh as na gníomhachtaí i rith Seachtain na Gaeilge
Seachtain na Gaeilge 2014
Céilí 2014
Bhíomar ag ceilliúradh ‘ Seachtain na Gaeilge’ i Mharlaí agus bhí gníomhaíochtaí éagsúla ar siúl sna ranganna. Bhí céilí mór againn sa halla agus ghlac gach rang agus páiste páirt sa damhsa agus rince. Bhí na múinteoirí ag dirú go speisialta ar an nGaeilge labhartha agus bhí gach dalta ag déanamh iarracht mhór Gaeilge mhaith a labhairt don choicís.
Maidin Ceoil 2014
Bhí maidin ceoil againn agus chas gach rang amhráin Gaelach don scoil. Bhí seans ag na páistí uirlisí ceoil a sheinnt freisin agus bhí páistí eile sásta amhrán a chanadh i ngrúpaí agus ina n-aonar.







































































