Céilí 2016

Céilí 2016

Bhíomar ag ceiliúradh ‘Seachtain na Gaeilge’   agus Lá an Fhorógra (Proclamation Day) le ceol, céilí agus Forógra na Scoile, an Briathair Dhiaga á léamh amach. Chaith na páistí éadaí glaise ar an lá sin. Bhí na múinteoirí ag díriú go speisialta ar an nGaeilge labhartha, agus bhí gach páiste ag déanamh iarracht mhór Gaeilge mhaith a labhairt. Tá súil againn iarracht an-mhór a dhéanamh chun feabhas a chur ar chaighdeán na Gaeilge sa scoil. Bhí céilí mór againn sa halla agus bhí gach páiste ag damhsa agus ag rince. Tháinig Alannah Hanley, dálta ón scoil cúpla bliain ó shin, chun taispeántais rince a chur ar siúil do na páistí lena cara Pedro ón mBrasaíl. Rinceoirí den chéad scoth a bhí ann. Bhí páistí ó rang a cúig ag damhsa Baint an Fhéir agus Damhsa na Scuabanna. Tá súil again gur bhain gach duine sult agus suaimhneas as Seachtain na Gaeilge 2016 i Mharlaí.